Faoin Seó
Is ceoldráma nua dátheangach é Tír na nÓg a athinsíonn an scéal atá ar eolas againn ar fad.
Is finscéal Éireannach é Tír na nÓg a insíonn scéal Oisín, laoch cróga, agus Niamh Cinn Óir, banphrionsa Thír na nÓg. Sa scéal traidisiúnta, feictear Niamh mar bhean draoíchta, siógach, agus feiceann Oisín í ar chúl capall bán trasna locha.Tugann sí ar ais léi é go Tír na nÓg - áit a mbíonn gach duina sásta i gcónaí agus nach bhfaigheann aon duine bás - le bheith ina fear chéile.
Casann an ceoldráma seo an finscéal ar a cheann - tar éis an tsaoil, níl sa stair ach an scéal atá i réim. Tá dhá thaobh leis an scéal agus táimid chun scéal Niamh a chloisteáil. Cén fáth ar thaistil sí go hÉireann? Cén fáth ar tháinig Oisín ar ais? Insítear an seó trí mheascán de Bhéarla agus Ghaeilge chun oidhreacht agus cultúr an phíosa a léiriú chomh maith le heilimintí ceoil traidisiúnta agus nua-aimseartha a úsáid.